Bíonn comhoibriú idir CIE agus Uasfhorais Iniúchóireachta na dtíortha is iarrthóirí AE agus na n-iarrthóirí ionchais d'fhonn soirbhiú do mhalartú eolais go rialta, modhanna oibre iniúchóireachta a thabhairt chun cinn agus oiliúint ghairmiúil a chur chun tosaigh. Déantar sin i gcomhpháirt le SIGMA (Support for Improvement in Governance and Management), tionscnamh i gcomhar idir an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) agus an AE.
Ar cheann de príomhmhodhanna comhoibrithe, tá Líonra Fhorais Iniúchóireachta na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchais agus a fheidhmíonn ar aon dul leis an gCoiste Teagmhála. Bíonn cruinnithe ó am go chéile idir ceannasaithe na bhforas agus idir na hoifigigh comhchaidrimh, chomh maith le grúpaí oibre, seimineáir, ceardlanna agus bearta iniúchóireachta comhthreomhara. Is é príomhchuspóir leis sin modhanna agus teicnící iniúchóireachta a chur i bhfeidhm atá ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus le sárchleachtais an AE.