Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar iniúchóir seachtrach ag an AE ó cuireadh ar bun í i mí Deireadh Fómhair 1977. I Lucsamburg atá CIE lonnaithe. Ó thús, is é cuspóir CIE feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar bainistíocht ar chúrsaí airgeadais an Aontais agus cur leis an gcuntasacht phoiblí maidir le buiséad an AE a thiomsú agus a chaitheamh trí bhearta urrúis agus comhairle
An
gá le rialú seachtrach maidir le cúrsaí airgeadais an AE
Cuireadh
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar bun tráth a raibh an Comhphobal Eorpach (a
tháinig roimh an AE) ag féachaint le bheith níos cuntasaí ó thaobh an
daonlathais leis an saoránach. Dhá chor
mórthábhachta ab ea leathnú ar chumhacht Pharlaimint na hEorpa maidir le rialú
buiséid agus maoiniú iomlán bhuiséad an Chomhphobail Eorpaigh as acmhainní
an Chomhphobail féin. Tháinig an
Comhphobal ar an tuiscint chomh maith gur ghá iniúchóir seachtrach a bhí
neamhspleách go hiomlán chun cuidiú leis an bParlaimint agus leis an gComhairle
cinntiú go raibh smacht daonlathach ar chúrsaí airgeadais. Ó bunaíodh an Comhphobal sa bhliain 1958,
bhíodh an obair sin á déanamh ag bord iniúchóireachta beag nach raibh, rud ba
léire de réir a chéile, de chumhacht aige ná d'acmhainn ann iniúchóireacht
leordhóthanach a chinntiú ar an mbuiséad a raibh borradh agus leathnú tréan
faoi.
CIE mar "choinsias airgeadais" ag an AE
Ba
é Heinrich Aigner, cathaoirleach ar an gCoiste um Rialú Buiséadach i
bParlaimint na hEorpa, ba chionsiocair le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur ar
bun. Bhí seisean ag áitiú go tréan ón
mbliain 1973 ar aghaidh gur chóir comhlacht iniúchóireachta seachtrach ar leibhéal
an Chomhphobail a bheith ar bun.
Bunaíodh CIE faoi Chonradh na Bruiséile an 22 Iúil 1975 agus chuathas i
mbun oibre i mí Deireadh Fómhair 1977 agus an ceanncheathrú i Lucsamburg. Dúirt
Hans Kutscher, Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa an tráth sin, gurbh é
coinsias an Chomhphobail a bhí ann maidir le cúrsaí airgeadais.
CIE
mar institiúid de chuid an AE
Ar
an 1 Samhain 1993 rinneadh institiúid iomlán de chuid an AE de CIE nuair a
tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm. Cuireadh le neamhspleáchas agus le
húdarás CIE nuair a tugadh an stádas céanna leis an gCoimisiún, leis an
gComhairle agus leis an bParlaimint di.
Le Conradh Maastricht freisin, tugadh isteach toradh mórshuntais obair
CIE - an ráiteas urrúis bliantúil maidir le hiontaofacht chuntais an AE agus na
hidirbhearta is bun leo a bheith ag teacht leis an dlí agus leis na rialacháin.
Leathnú
ar scóip iniúchóireachta CIE
Treisíodh
arís le ról CIE sa bhliain 1999 nuair a tháinig Conradh Amstardam i
bhfeidhm. Rinneadh athdhearbhú maidir le
neamhspleáchas na Cúirte agus leathnaíodh an chumhacht iniúchóireachta gur
tugadh breis réimsí beartais faoina scáth. Leagadh béim sa chonradh sin ar ról
CIE maidir le cur in aghaidh calaoise agus fágadh gur féidir léi iarratas a
dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le sainchúram CIE a chosaint ar
chur isteach ó institiúid eile de chuid an AE.
Comhoibriú
níos dlúithe idir CIE agus na Ballstáit
Deimhníodh
le Conradh Nice 2003 an prionsabail go mbeadh CIE comhdhéanta d’aon Chomhalta
amháin ó gach Ballstát agus leagadh béim faoi leith ar an tábhacht a bhí le
comhoibriú idir an institiúid agus na forais iniúchóireachta náisiúnta.
Faoi
Chonradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, deimhníodh in
athuair sainordú na Cúirte agus an stádas mar institiúid de chuid an AE. Bhí chomh tábhachtach céanna ag CIE na
hathruithe a tugadh isteach leis an gconradh sin ar an gcaoi a ndéantar
bainistíocht agus iniúchadh maidir le cistí an AE nuair a treisíodh le cumhacht
Pharlaimint na hEorpa i ndáil leis an mbuiséad agus nuair a leagadh béim ar fhreagracht
na mBallstát maidir leis an mbuiséad a chur i bhfeidhm.
Forbairt
ar CIE chun freastal do riachtanais an AE i mbun foráis dó
Tháinig
athrú ar struchtúr CIE freisin de réir mar a bhí an AE faoi athrú. Naonúr Comhaltaí agus 120 ball foirne a bhí
ann sa bhliain 1977, agus tá 27 Comhalta - i gcúig cinn de sheomraí - agus
beagnach 900 ball foirne gairmiúil anois ann ó gach ceann de na Ballstáit. Agus í ina foras iniúchóireachta ar aon
stádas leis na huasfhorais iniúchóireachta náisiúnta a fheidhmíonn sna
Ballstáit agus taobh amuigh de theorainneacha an AE, féachann CIE le bheith i
gceann an róid maidir le cora nua san iniúchóireacht maidir leis an earnáil
phoiblí, ag obair i gcomhar le huasfhorais iniúchóireachta eile chun caighdeáin
agus dea-chleachtas gairmiúil a leagan síos.
Curtea de Conturi Europeană, în prezent
De la crearea sa în 1977, Curtea a urmărit să contribuie la îmbunătățirea
gestiunii financiare a UE, elaborând produse de înaltă calitate, care reflectă
evoluțiile din cadrul Uniunii și nevoile în schimbare ale părților interesate. În
acest interval de timp, noi state membre au aderat la UE, bugetul acesteia a
fost extins, iar Uniunea a dobândit noi competențe și a creat noi organisme la
nivel european — toate aceste evoluții sunt luate în considerare în activitatea
Curții și se reflectă în realizările sale.
Naisc Ghaolmhara