Réamhrá
Roghnaítear an nós imeachta tairisceana iomchuí agus modhanna fógraíochta ar bhonn na méideanna a mheastar do na conarthaí, tá siad mar seo a leanas:
Luach na tairisceana |
Nós imeachta íosta atá riachtanach |
Fógraíocht |
≤€15 000 | Nós imeachta idirbheartaíochta le soláthraí/soláthróir seirbhíse aonair | Gan fhógraíocht |
>€15 000 go dtí
≤€60 000 | Nós imeachta caibidlithe le 3 sholáthróir/sholáthraí seirbhíse aonair ar a laghad | Leathanach gréasáin CIE |
>€60 000 go dtí <€an tairseach threorach ( €140 000 faoi láthair le haghaidh seirbhísí/soláthairtí agus €5 382 000 le haghaidh oibreacha) | Nós imeachta caibidlithe le 5 sholáthróir/sholáthraí seirbhíse ar a laghad, nó Glao ar léirithe spéise (GLS), nós imeachta srianta nó oscailte | Leathanach gréasáin CIE
TED |
≥€an tairseach threorach (≥€140 000 le haghaidh seirbhísí/soláthairtí agus ≥€5 382 000 le haghaidh oibreacha) | Nós imeachta oscailte nó nós imeachta srianta agus fógra conartha arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil (TED) | TED (rThairiscintí) agus leathanach gréasáin CIE |
>€60 000 gan aon uasteorainn – seirbhísí faoi chóras éadrom mar a thugtar orthu | Nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht | TED (rThairiscintí) agus leathanach gréasáin CIE |
Nósanna imeachta caibidlithe agus luach measta idir >€15 000 agus < an tairseach threorach ag roinnt leo
Foilsítear anseo thíos gach nós imeachta caibidlithe a bheartaíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa sa réimse >€15 000 go dtí < an tairseach threorach (<€140 000 le haghaidh soláthairtí/seirbhísí agus <€5 382 000 le haghaidh oibreacha). Féach: Poiblíocht ex-ante le haghaidh conarthaí íseal-luacha agus meán-luacha:
Níl an tuar seo ceangailteach ar shlí ar bith ar an gCúirt. Os a choinne sin, féadfar nósanna imeachta soláthair eile a chur i gcrích ar bhonn ad hoc ag brath ar riachtanais na Cúirte.
Má tá suim agat in aon cheann de na nósanna imeachta thuas, téigh i dteagmháil linn, le do thoil, tríd an bhfoirm theagmhála. Roghnaigh “Soláthar” agus cuir isteach an fhaisnéis seo a leanas: ábhar an nós imeachta tairisceana, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála do chuideachta.
Nósanna imeachta tairisceana a bhfuil luach measta níos airde ná an tairseach threorach
Déantar na nósanna imeachta tairisceana uile, a bhfuil luach measta níos airde ná an tairseach threorach (≥€140 000 do sholáthairtí/seirbhísí agus ≥€5 382 000 d'oibreacha) a a fhoilsiú san Iris Oifigiúil (TED), arb í an phríomhfhoinse faisnéise í ar nósanna imeachta móra soláthair phoiblí.
Tabhair do d’aire le do thoil nach seolann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa amach cóipeanna crua den cháipéisíocht tairisceana. Tá na doiciméid riachtanacha uile ar fáil go leictreonach ar an láithreán seo agus ar rThairiscintí tríd an nasc a thugtar sa bhfógra conartha (pointe 1.3).
Má bhíonn aon fhadhb agat leis an íoslódáil, téigh i dteagmháil linn, le do thoil, tríd an bhfoirm theagmhála. Roghnaigh “Soláthar” agus cuir isteach uimhir thagartha agus teideal an nós imeachta tairisceana ábhartha.
Lena chois sin, tabhair do d’aire le do thoil go bhféadfaí míniúcháin a bhaineann leis na doiciméid agus/nó aon leasaithe a fhoilsiú i gcaitheamh na tréimhse ama a cheadaítear chun tairiscintí a thíolacadh. Is ar rThairiscintí amháin a bheidh aon fhaisnéis bhreise ar fáil agus féadfar í sin a rochtain tríd an nasc a thugtar sa bhfógra conartha (pointe 1.3),
agus dá bhrí sin comhairlítear go láidir do thairgeoirí féachaint air go tráthrialta toisc go bhféadfaí breis faisnéise a chur leis am ar bith suas go dtí an dáta deireanach le haghaidh tairiscintí a thíolacadh.