D’fhonn ár suíomh chun tosaigh i bhforbairtí in iniúchóireacht san earnáil phoiblí a choinneáil, déanaimid ár bhforbairt straitéiseach agus ár dtosaíochtaí iniúchóireachta a phleanáil roimh ré. Leagtar ár bpríomhchuspóirí amach i straitéisí ilbhliantúla.
Clúdaítear an tréimhse ó 2018 go dtí 2020 san áireamh inár straitéis is déanaí. Dírítear inti muinín a chothú san AE trí iniúchóireacht neamhspleách agus trí léargas a thabhairt maidir leis an méid a oibríonn agus an méid nach n-oibríonn i ndáil le caiteachas agus gníomhaíocht eile AE.
Ár spriocanna straitéiseacha do 2018-2020:
feabhas a chur ar an mbreisluach a bhaineann leis an Ráiteas Urrúis sa chomhthéacs de bhainistíocht airgeadais AE an lae inniu
fócas ar ghnéithe feidhmíochta de ghníomhaíocht AE a mhéadú
teachtaireachtaí soiléire a chur in iúl dár bpobal meáin
ár n-eagraíocht a chur in oiriúint i dtreo ár dtáirgí
Tá ár straitéis 2018-2020 agus ár straitéisí roimhe inrochtana thíos: