Rochtain ar dhoiciméid
Is le Cinneadh Uimhir 12/2005 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le rochtain ar dhoiciméid CIE, arna leasú le Cinneadh Uimhir 14/2009, a rialaítear rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid na Cúirte.
Ní mór iarratais ar rochtain ar dhoiciméad a dhéanamh i scríbhinn nó trí ríomhphost , agus ní mór uimhir an doiciméid (na ndoiciméad) i dtrácht a shainaithint go soiléir sna hiarratais. Bain feidhm le do thoil, as an bhFoirm Theagmhála thíos.
Foilseacháin agus cartlanna CIE
Tá teacht ar fhormhór na bhfoilseachán ar de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa iad ar ár suíomh gréasáin ar
leathanach cuardach na bhfoilseachán.
Tá na comhaid ar fad a bhaineann lena cuid oibre ón mbliain 1977 i leith (tuarascálacha agus tuairimí) i gcartlanna CIE. Aistríodh na doiciméid a bhaineann leis an tréimhse 1977-1991 go dtí Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh i bhFlórans, an Iodáil. Coinnítear cóipeanna digiteacha de na cartlanna sin i gCartlanna CIE i Lucsamburg, agus féadann úsáideoirí seachtracha breathnú orthu.
Leabharlann CIE
Is seirbhís faisnéise inmheánach do bhaill foirne CIE don chuid is mó í Leabharlann CIE, ach tá sí oscailte freisin do bhaill foirne ó institiúidí eile AE agus – ar iarratas speisialta – d’úsáideoirí seachtracha eile, go príomha taighdeoirí, a bhfuil suim bhailí acu. Tá réimse leathan foilseachán ar bhailiúchán leabharlainne CIE maidir le hiniúchóireacht, cuntasaíocht, dlí AE agus réimsí beartais AE a ndéanann CIE iniúchadh orthu. Áirítear leis monagraif, tréimhseacháin, seirbhísí preasa, saothair thagartha agus bunachair shonraí i bhformáid leictreonach agus chlóite. Is féidir an bailiúchán iomlán a chuardach ar líne ach úsáid a bhaint as an uirlis phoiblí
BibliotECA Discovery.
Príobháideachas úsáideoirí
Bunaítear beartas CIE maidir le "cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail" ar Rialachán (AE) 2018/1725, lena gcumhdaítear suímh ghréasáin na n-institiúidí uile AE atá laistigh den réimse europa.eu.
Naisc ghaolmhara