No
No
 

Cuireann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa fáilte roimh ghrúpaí cuairte. Is é an aidhm atá againn ná léargas a thabhairt do chuairteoirí faoinár ról agus faoinár ngníomhaíochtaí mar chuid den Aontas Eorpach.

Caithfear iarrataí a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na Cúirte, ar a laghad dhá mhí roimh ré.

Cuirimid fáilte roimh shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus roimh chuairteoirí eile nach bhfuil san Aontas, ach iad a bheith 14 bliana d'aois nó níos sine.

Ar chúiseanna slándála agus lóistíochta, is féidir linn freastal ar ghrúpaí ina bhfuil 10-50 duine amháin. Ní féidir linn turais ná cuairteanna príobháideacha a thairiscint do ghrúpaí níos lú sá sin.

Is féidir cuairteanna a chur in áirithe i rith na bliana, cé is moite de thréimhsí sonracha. Maireann cuairteanna idir uair agus leathuair an chloig, agus clúdaítear leis sin cur i láthair le hoifigeach na Cúirte agus seisiún ceisteanna agus freagraí.

Más spéis leat cuairt a thabhairt ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, líon isteach an fhoirm thíos:

Úsáid an bosca 'Faisnéis bhreise' ar an bhfoirm iarratais chun muid a chur ar an eolas faoi aon riachtanais speisialta, iarratais, nó faoina bhfuil tú ag súil leis.

Gheobhaidh tú ríomhphost ar dtús mar dheimhniú go bhfuaireamar d'iarratas, agus ansin tuilleadh sonraí maidir le do chuairt má ghlactar le d'iarratas.

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i gcuairt a thabhairt ar an gCúirt Iniúchóirí.​