Mar chuid dá misean chun bainistiú airgeadais AE a fheabhsú agus chun cuntasacht agus trédhearcacht a chur chun cinn san Aontas Eorpach, eagraíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) imeachtaí lena saothraítear na cuspóirí sin.
Eagraímid ceardlanna teicniúla a bhaineann leis an iniúchóireacht agus comhdhálacha idirnáisiúnta lena ndírítear ar réimsí caiteachais AE a iniúchaimid a fhorbairt tuilleadh.
Sna naisc anseo thíos tugtar faisnéis ar na comhdhálacha agus ar na ceardlanna is déanaí a d’eagraigh CIE.