Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chosaint an chomhshaoil a áirithiú ar fud an domhain agus cuimsíonn an tiomantas sin an beartas comhshaoil laistigh dá chuid institiúidí. Mar institiúid de chuid an Aontais, tá dualgas ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe trí phrionsabail na bainistíochta fónta comhshaoil a chur i bhfeidhm ina hobair laethúil.
Beartas Comhshaoil
An 28 Samhain 2014, ghlac Cúirt Iniúchóirí na hEorpa beartas comhshaoil lenar cuireadh a rannpháirtíocht i dtionscnamh bainistíochta comhshaoil ar ardchaighdeán ar bhonn foirmiúil. Tríd an mbeartas sin, gabhann an Chúirt Iniúchóirí uirthi féin:
bearta a thabhairt isteach chun astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú;
úsáid éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn agus bearta a dhéanamh chun an méid leictreachais, uisce agus páipéir a úsáideann sí a laghdú;
critéir chomhshaoil a chur ar áireamh ina nósanna imeachta soláthair phoiblí;
an dea-chleachtas bainistíochta dramhaíola a chur i bhfeidhm;
gach ball foirne a spreagadh gníomhú ar bhealach inbhuanaithe agus rannchuidiú go gníomhach le cuspóirí an bheartais chomhshaoil a bhaint amach.
Caighdeán comhshaoil ISO 14001:2015
| Comhlíonann an Chúirt Iniúchóirí ceanglais deimhniúcháin ISO 14001:2015 (córas bainistíochta comhshaoil), ar caighdeán cáilíochta atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta é. Tá sí deimhnithe go hoifigiúil de réir ISO 14001 freisin. |
An Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS)
| Glacaimid páirt sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) de chuid an Aontais. Is uirlis bainistíochta í an Scéim, a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht comhshaoil eagraíochtaí agus chun an fheidhmíocht sin a thuairisciú agus a fheabhsú. Bhaineamar clárú EMAS amach i mí an Mhárta 2017 agus oibrímid córas bainistíochta comhshaoil go rathúil ar aon dul le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le EMAS, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1505, agus ar aon dul le ISO 14001. FChun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an ráiteas comhshaoil ón gCúirt Iniúchóirí, rud ar bhailíochtaigh fíoraitheoir creidiúnaithe é agus ina leagaimid amach torthaí ár bhfeidhmíochta comhshaoil agus aon phleananna atá againn le haghaidh feabhais. |
Tuarascálacha maidir le lorg carbóin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Sa bhliain 2014, bhunaigh an Chúirt Iniúchóirí diagnóis tosaigh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann as a cuid gníomhaíochtaí, agus é mar aidhm aici a hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a chiorrú go córasach.
Foilsítear iarmhéid dé-ocsaíde carbóin na Cúirte Iniúchóirí gach bliain ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar na hiarrachtaí a bhíonn á ndéanamh ag an gCúirt chun a lorg carbóin a laghdú mar chuid de thionscadal EMAS i gcoitinne agus, ar an mbealach sin, chun cabhrú le tiomantas an Aontais don chomhshaol a chomhlíonadh agus leis an sprioc um fhorbairt inbhuanaithe atá sa straitéis fáis Eoraip 2020 a bhaint amach.
Tá straitéis um fhritháireamh dé-ocsaíde carbóin á hullmhú ag an gCúirt Iniúchóirí faoi láthair.
Naisc ghaolmhara: